Scoil: Kilmore (uimhir rolla 13010)
- Suíomh:
- Kilmore, Co. Leitrim
- Múinteoir: Eilís, Bean Uí Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Kilmore
- XML Leathanach 317
- XML “Oíche Nollag”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tighthibh ag muinntir an tighe féin, mar is gnáth le gach éinne bheith 'sa bhaile ins thigh féin an lá san. Leanann féile na Nodlag go dtí taréis Nodlag na mBan.
An lá indiaidh lae Nodlag is é Lá 'le Stiopháin. Sé sin nós a cleachtann buachaillí na tuaithe. " Buachaillí an Droilín " tugtar ar sgata garsún a théigheas timpeal an lá sin ó thigh go tigh. Cuireann siad aighthe-fidil ortha féin agus éadaigh éagsamhla. Bhíonn gléiseanna ceoil aca agus théigheann siad timcheall an bhaile ó thigh go tigh. Déineann siad dreas ceoil agus babhta rinnce ins gach tigh agus tugann muintear an tighe airgead dóibh. Ceannuigheann siad biadh agus deoch leis an airgead agus bíonn fleadh agus siamsa acu san oidhche.
San am fadó do chuireadh buachaillí an dreolín an dreolín ar chraobh chuilinn agus nuair nach mbíodh airgead le fagháil i dteach chaitheadh siad an dreolín isteach san gcistín, chun feirge do cuir an mhuintir an tighe ná cuireadh fé leach an dorais é agus abhrán a bhíodh aca:-
Dreólín a fhuaras-sa thíos ar an inseFé bhrághaid charraige agus carabhat síoda air;Thugas-sa chughaibh é, a lánamha an tighe seo,Agus go mba seacht bhfearr um an dtaca so arís sibh.
Brighidh Corristine(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brigid Corristine
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Killadiskert, Co. Leitrim
- Faisnéiseoir
- Brigid Corristine
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Killadiskert, Co. Leitrim