Scoil: Cromghlinn (B) (uimhir rolla 12606)

Suíomh:
Crumlin, Co. Galway
Múinteoir:
Seán Ó Donnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 171

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 171

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromghlinn (B)
  2. XML Leathanach 171
  3. XML “Eachtra an Mhairnéalaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    é agus d'fhág sé mar sin é. Thainigh sé go dtí an pháirc a raibh an cloch innte D'ionntuigh sé an cloch. Bhí an boisgín iarainn fuithi. Tug sé leis é go dtí an t-sean-fhear. Rugh seisean ar an mboisgín agus d'oscail é. Céard a bhí thios ins an mboisgín ach stumpa de luch agus i beo. Thóg sé sgian agus ghearr sé muineál an luch. Tarraing sé a chuid fola agus d'feann sé é. Chuir sé í ag bruith í sáspán í. Nuair a bhí sé bruithte thóig sé í agus bhí braon anbruith fuithí. Fuair sé cupán agus thug sé braon de lé n-ól don mháirnéalach D'ól sé féin braon eile. Nuair a bhí an braon anbruith ólta ag an máirnéalach d'fhiafruigh sé de cé'n sórt fear anois é. "Fear mhaith mé anois" a dubhairt an máirnéalach. Ní raibh aon blas aige ar an bpoinnte agus bhí an anbhruith ólta ag an máirnéalach. Faoi talamh nó os cionn talamh ní raibh áit nach raibh fhios aige cá raibh sé comh mhait is dá mbeadh sé ag breathnú air lé na dhá shúil. Rug an sean fhear ar an sgéin agus ghearr sé piosa feola de'n luch agus thug sé dho é. Nior ith sé féin aon greimín do'n feoil. "Ith é sin" a dubhairt sé. Dith an máirnéalach an greimín feola. "Ce'n sort fear anois thú." Marac an fheoil ba mhór abh fiu an t-anbhruith a dubhairt an máirnéalach. Chuir an sean-fhear a lámh thairis agus tarraing sé stoca aníos ó colbh an leabaidh. "Seo duit é seo. Ní beidh aon call duit dul ar fairrge fad is beas tú" beo" Bhí an stoca lán d'ór buidhe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0726: The Oldest on the Farm
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán de Faoite
    Inscne
    Fireann
    Aois
    13
    Seoladh
    Kilskeagh, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Seán de Faoite
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Seoladh
    Kilskeagh, Co. Galway