School: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Location:
- Clifden, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Peadar
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go brách leis. Agu tuitim na h-oidhche thiomáin sé abhaile iad agus bhí an máighistir ag faire go bhféachadh sé cé aca de na ba a thagadh isteach an geata i dtosach, shíl sé ar ndóigh, dá bhféadfadh sé breith ar an tarbh an babhta seo ar cor ar bith. Díreach mar bhíodar ag teacht isteach an geata, léim an fear suas le sgian mór agus sháth sé an sgian isteach i dtaobh an bhuláin agus mharbhuigh sé é.Shíl sé anois go raibh an tarbh marbh aige ach fuair sé amach nach raibh agus dubhairt sé: "Tá draoidheacht eicint ag baint leis an tarbh céadna - ní bhéadh mé in-dán é a mharbhuigh go deo." Chuaidh sé isteach go dtí an teach agus fearg mór air. In a chodladh sin bhí sé a' brionglóideach ar a ghníomh agus shíl sé go ndubhairt: "Tá sé chomh maith om leigint dó, mar beidh an mí-ádh orm le linn mo shaoghal aríst má leagam lámh air."Ar maidin, dubhairt sé leis a' mbuachaill: "Rachaidh mé féin, go dtí an sliabh indiu." "Déanfaidh sin ars'n buachaill agus fanfaidh mise sa mbaile. 'Ó ná fan" ars'n máighistir "rachaidh an bheirt againn." Chuaidh an bheirt go dtí an sliabh ach níor tháinic an tarbh an lá seo, mar chonnaic sé an fear eile. Annsin bhí a fhios aige nach raibh an ceart aige fhéin, agus(continues on next page)
- Collector
- Dóirín Ní Mhuiris
- Gender
- Female