School: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Location:
- Clifden, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Peadar
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)nuair a tháinig an tarbh anonn ag a' buachaill tháinig faitíos uirthi. Dubhairt sí léithe féin: "Íosfaidh sé an buachaill." Sgréach sí amach go hard: "Nach bhfuil faitíos ort roimh an tarbh gránna sin?" "Tuige a mbeadh", ars'n buachaill, "is cara mór domsa é sin." "Ó, an mar sin í?" ar sise. Chuaidh sí abhaile, dar leis an buachaill - ach is i bhfolach a chuaidh sí agus ní raibh sí ach as radhairc nuair a tháinig an tarbh. Rinne an buachaill mar ba gnáthach agus nuair a bhí ite agus ólta aige a sháith dubhairt an tarbh "Tá faitíos orm go bhfuil duine éigin ag faire orainn." "Níl" ars'n buachaill, "agus má tá féin is beang an maith dóibh é." D'imthigh an tarbh a bheallach fhéin, agus um tráthnóna d'fhill an buachaill abhaile agus nuair a chauidh sé isteach ins an cisteannach, dubhairt an bean leis. "Tá a fhios agam anois an fáth nach bhfuil tú ag ith do bhéile - ceapann tú is dócha nach mbíonn aon duine a' faire ort agus nach bhfuil an bíadh seo sáthach maith dhuit, ach déanfaidh tú troscadh uaidh seo amach."A! Bhí an ceart ag an tarbh" adeir an buachaill leis féin, "Bhí duine eicínt ag faire orainn." Chuaidh sé in a chodladh an oidhche sin go brónach agus is beag codladh a bhí aige acht ag smaoineadh i rith na hoidhche. Ar maidin d'eirigh sé go moch agus sul a ndeachaidh sé amach ag obair , dubhairt a máighistir leis "Tiomáin na ba abhaile anocht." "Déanfad sin", adeir an buachaill agus as(continues on next page)
- Collector
- Dóirín Ní Mhuiris
- Gender
- Female