Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Suíomh:
- Clifden, Co. Galway
- Múinteoir: An tSr. M. Peadar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Luach na bóBhí dearbhrathair saidhbhir agus dearbhrathair bocht ann aon uair amháin. Bhí neart le n-ithe agus le n-ól ag an ndearbhrathair saidhbhir agus ní thiubhraidh sé blas le n-ithe ná le nól don bocht ná raibh aige acht aon bhó amháin. Lá amháin chuaidh sé ar an aonach leis an t-aon bhó sin a dhíol agus beadh a cheanacht ar a luach.
Nuair a bhí sé ar an aonach chonnaic sé beirt gardaí ag tigheacht chuige agus fear idir iad.
D'fhiafruigh sé díobh cén fáth goraibh sé aca agus dubhairt siad gur ghoid sé bó ó fhear eile agus go raibh siad ghá chur san príosún.
''Go bhfóiridh Dia air'' arsa an fear bocht. ''Meas tú dá bhuigheadh an fear ar tughadh uaidh an bhó bó eile in a h-áit a mbeadh sé sásta?'' ''Tá fhios agam go mbeadh'' arsa duine den na gardaí. Thug an fear bocht seo a bhó féin ar son na bó a ghoid an fear eile uaidh.
Bhí sé ag dul abhaile annsan agus lean an fear a dhoid an bhó é. ''Cá bhfuil tú ag dul?'' arsa an dearbhráthair bocht.
''Tá mé ag dul in éindigh leatsa mar is tú a leig saor mé.'' D'imthigh leo annsin. Lean an fear a ghoid an bhó é go dtáinic siad abhaile go dtí teach an dearbhtháir bocht.
Nuair a tháinic siad isteach sheas an bhean agus(leanann ar an chéad leathanach eile)