Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán

Suíomh:
Clifden, Co. Galway
Múinteoir:
An tSr. M. Peadar
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0004, Leathanach 444

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0004, Leathanach 444

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Leathanach 444
  3. XML “Scéal - Boiligín agus an tSeanbhean”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal
    Boiligín agus an t-sean-bhean
    Bhi buachaill beag agus a mháthair in a gcomhnuidhe i dteach leo féin fadó agus lá amháin tháinic sean-bhean ag an doras agus dubhairt sí ''Im agus arán sa mála seo do Bhoiligín.'' Do chuala Boiligín an glaodhach agus chuaidh sé amach. Bhreathnuigh sé síos sa mála agus nauir a fuair an chaillleach ag breathnughadh síos sa mála é rug sí ar thóin air is chaith sí síos sa mála é. Bhíodar ag siubhal leo agus Boiligín sa mhála nó go rabhadar ag dul thar choill. ''Muise'' adeir Boiligín ''ní dheacha m'athair ná mo mháthair thar an gcoill seo ariamh gan slát a bhaint dom.'' Do leagh an bhean Boiligín ar an talamh agus chuaidh sí ag baint slaite agus nauir a fuair Boiligín imtighthe í chuir sé clocha móra sa mála agus nuair a tháinic an t-sean-bhean ar ais chuaidh sí ag iomcar Boiligín mar shíl sí acht nuair a bhi sí gá iomchar sgathamh bhí sí ag rádh ''Trom, trom é, Boiligín.'' Nuair a chuaidh sí abhaile ag an dá chailleach eile chuaidh sí suas ar theach agus chuir sí béal an mála anuas sa simléar mar shíl sí gur'bé Boiligín a bhí ann. Bhí pota nua crochta ar an tine agus sgaoil sí na clocha anuas ann agus briseadh an pota agus doghadh an teine t-uisge an dá chailleach eile.
    Lá ar na bhárach arís shocruigh an chailleach eile dul ar thuairisg Boiligín. Amach le Boiligín ar an bpoinnte agus rug sí air agus chaith sí sa mála é. Bhíodar ag imtheacht go raibheadar ag dul thar choill. Dubhairt Boiligín ''ní dheacha m'athair ná mó mháthair thar an gcoill seo ariamh gan slat a bhaint dom.'' ''Tá go maith,'' adeir an chailleach. Chuaidh sí ag baint slaite agus chuir Boiligín clocha móra sa mála agus d'imthigh sé féin abhaile. Nuair a chuaidh sí ag iomchur an mála dubhairt sí, ''Trom,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0327: The Children and the Ogre
    AT0700: Tom Thumb
    AT1121: Ogre's Wife Burned in his Own Oven
    Teanga
    Gaeilge