Scoil: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- Suíomh:
- Athenry, Co. Galway
- Múinteoir: An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)clogann uirthe arís. Shiubhal an bean óg agus é fhéin amach as an seómra agus ní raibh sí leagtha amach tinn mar a bhí sí arís go deó. Thug sí míle púnt do’n bpíobaire bhí an oiread sin riaméad uirthe. Nuair a bhí an píobaire ag dul abhaile casadh an sidheóg air. “Anois” adeir an sidheóg “bhéarfaidh tú cuid de’n airgid domh-sa.” “Acht duine ar bith nach bhfuil airgead aige déanfaidh sé gan é” adubhairt an píobaire agus dheamhan pinginn a tiubhraidh sé dó. “Tá go maith” adeir an sidheóg “casfaidh liom-sa fós thú.” Chuir an píobaire suas a phíobaí ceól agus ní dheárna sé aon phíobaireacht níos fuide.
Bhí bean óg eile, inghin do Lord Mayor i mBláth Cliath. Bhí sí tinn agus ní raibh aon dochtúr ar bith in ann í a leigheas, acht chuala siad faoí’n bhfear seo. Chuaidh an píobaire go Bláth Cliath agus nuair a shroich sé an teach seo bhí fáilte mór roimhe. Fuair sé chuile shórt a d’iarr sé annsin agus chuaidh sé isteach san seómra in-a raibh an bean óg tinn. Rinne sé chuile rud a dubhairt an sidheóg leis agus bhain sé an clogann díthe. Nuair a bhí an clogann bainte dí tháinig an sidheóg agus do(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Cadhain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Faisnéiseoir
- Pádraic Ó Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Park, Co. Galway