Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. Galway
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)i riocht is go raibh áit fhada fhairsing aca ann. Annsin shocruigh Fionn isteach ann iad í féin agus a Grabaire, agus bhí teachín deas aca i lár an chrainn. Tháinig sé abhaile go h-Éirinn annsin go dtí an áit a raibh an chailleach ar stuaic an teampuill. Bhí sí beo ann ceart go leor nuair a tháinig sé leis an gcloigeann. 'Ó a deir sí leis 'a leithéid de cheann breagh is bhí air'. ' Tá sé in a cloigeann breagh a deir Fionn ach tá cúl-fhiacla grándha ann, agus tá siad ag cur mí-shlacht mór air'.Chrom an t-sean bhean anuas go bhfeicfeadh sí iad, ach nuair a bhreathnuigh sí siar 'na bhéal bhuail Fionn iarraidh de'n chloigeann uirri, agus d'ionnsuigh sí fein agus an cloigeann a chéile, nó gur mharbhuigh an cloigeann an t-sean -bhean. Ba í máthair an Ríogh mhóir an t-sean-bhean agus séard a bhí in a h-intinn aice .... ar Fionn fé geasa, é a chur chun báis sul a mharbhuigheadh sé a mac.
Chuaidh Fionn abhaile go dtí a áit féin nuair a bhí an t-sean-bhean marbh aige. An teachín seo a bhí déanta sa gcrann do'n Ghrabaire is dá bhean, nuair a bhíodh aimsear bhreagh ann bhíodh sé lán le h-éin as na coillte, agus sé an obair is mó a bhíodh ar an mhnaoi 'á gcoinneáil ruaigthe amach as an teach. Lá amháin bhuail sí slat ar ceann aca agus mharbhuigh sí é. Éinín óg a bhí ann agus nuair a tháinig a mháthair fuair sí marbh roimpi é. Ní dhearna sí ach craoibhín glas a thógáil agus é a chur isteach i mbéal an éinín óig. Chomh luath is arinne sí sin, d'éirigh an t-éinín chomh breagh, sláinteamhail is bhí sé ariamh.
Nuair a chonnaic bean an Ghrabaire sin, rug sí féin ar an gcraoibhín glas agus sháith sí isteach i mbéal an Ghrabaire é, agus d'éirigh sé in a bheatha arís. Sin é an uair a bhí ant-áthas air fein agus ar a mnaoi. Bhí sé arís in a gaisgidheach chomh maith, laidir is a bhí sé ariamh.- Bailitheoir
- Nóra Nic an Iomaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Coillín, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac an Iomaire
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- An Coillín, Co. Galway