Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. Galway
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar i gCárna
- XML Leathanach 378
- XML “An Chuinneog”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dtabharfadh sé leis an t-im.
caitheann na daoine tuairim is uair an chluig ag déanamh an mhaistridh agus ta éis tamaill tugann siad fá deara nuair atá sé déanta. Oibrightear síos suas an loinithe ins na cuinneoga móra agus ó thaobh taobh sa gceann eile. Sé an chaoi a n-aithnightear go bhfuil an maistreadh déanta nuair a bhíonn in a mhealltracha ar a bharr agus nuair a bhíonn sé deacair ar a dhéanamh. Caithtear uisge fuar ann ar dtús. Annsin cruinnigheann bean an tighe an t-im le chéile agus cuireann sí isteach i mias adhmad é agus í lán le h-uisge. Annsin fághann sí sgian agus bionn sí dhá sháith tríd an im agus ag tógáil na ribe agus gach salachar amach as. Leagann sí i dtaisce é. Óltar an bláthach (gach salachar amach as) tar éis a dhéanta agus tá sé an-fholláin agus coinnightear an chuid eile agus cuirtear tré arán é.- Bailitheoir
- Nóra Nic an Iomaire
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Coillín, Co. Galway