Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Mhór
- XML Leathanach 080
- XML “Scéalta Greannmhara”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)láidir lei agus nach gcruinnde sí ach blas eile do g go raibh é féin idon oibre. Feasta táim mé a mháthair adeir sé, ach ní fios agam aon ceird a ngabhain leis. Sé an ceird a bhfearr liom ná dul ag gadaidheacht. Tuige go ngabhadh ag gadaidheacht adeir a mháthair. Bhfuil fhios agat ceard deana a mháthair. Téirigh go dtí an teampoll agus guidhe Dia agus mac Dara ann cian ceird a ngabhfainn leis. Chuiadh a mháthair go dtí an teampoll agus thosuight sí ag guidhe ann. Bhí a mhac ag an teampoll roimpe agus d'iarr sí ar Dia cean ceird a ngabhach a mac leis. Ag gadaidheacht adeir a mac le na gualainn. Chuaidh sí abhaile agus bhí a mac istigh sa teach roimpi. 'Agus d'fhiafruigh sé dhí cean ceird a ngabhfe sé leis ag gadaidheacht adeir sé. D'imthigh an mac leis uirthi no go dtainic sé go dtí teach an gadaidhe dubh, Chuaidh sé isteach ann agus d'iarr sé aimsear air. Fuair sé aimsear agus ba ghearr go raibh na sceana agus na spúnóga goidte as an teach aige. Acht faoi dheireadh fuair an gadaidhe dubh amach go raibh sé ag goid uaidh. Tá mé ag ceapadh go bhfuil tú ag gadaidheacht ars an gadaidhe dubh le Seán. Bainfidh mise an ceann díot mar a goideadh tú an caora a ghabhas soir an bóthar ag mo bhuachaill. Má goidir tuireadh mé cúig punt agus an caor duit. Ní raibh bróg ariamh ar Seán nó go ndeachaidh sé ag obair. Chuir sé na bróga air láirre(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Chlochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Beartlí Ó Chlochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. Galway