School: Maighros
- Location:
- Maíros, Co. Galway
- Teacher: Séamus de Brún
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maighros
- XML Page 045
- XML “Muintir Flaithbhearta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sí cuid de dó. D'innis sé di ansin gurbh é a mac féin a bhí ann. Maidin lé'r na bhárach d'imthigh sé leis go dtáinig sé go dtí an Áird. Casadh an cailín aimsire leis ag nighe éadaighe agus thug sé fáinne luachmhar di as ucht gealladh dó go bhfágadh sí doras seomra Thaidhg gan glas. Nuair a bhí Tadhg ina chodladh chuaidh seisean isteach agus mharbhuigh sé é.
Tamall ina dhiaidh sin tháinig na tighearnaí talmhan. Sé "Berridge" a bhí i gceannas na h-aite. Bhí sé ina chomhnuidhe i mBaile na h-Inse. Naoi bpunt de ghnáth a bhíodh le n-íoc ar na tighthe thart anseo.
Bhíodh fear eile fágtha ag "Berridge"chun an cíos a bhailiú nuair a bhíodh sé féin i Sasana. Bhíodh an fear seo an-dian ar na daoine mar bhíodh sé ag iarraidh an phighinn ab'aoirde a bhaint amach.
Bhíodh níos mó tighearnaí ná "Berridge" ann. Bhí duine aca dár b'ainm dó "Coirnéal Thompson" agus sé a bhí os cionn Mághrus.(continues on next page)- Collector
- Maitias Mac Donnchadha
- Gender
- Male
- Address
- Leitreach Ard, Co. Galway
- Informant
- Seán Mac Donnchadha
- Gender
- Male
- Address
- Leitreach Ard, Co. Galway