School: Maighros
- Location:
- Maíros, Co. Galway
- Teacher: Séamus de Brún
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar go raibh go leor airgid aici. Ní dhearna an mac a comhairle acht phós sé cailín óg de'n bhaile. Bhí an tsean-bhean le buile. Mhionnaigh sí nach bhfuighidís pighinn de'n chiste a bhí i dtaisce aici fhéin. thug sí fear do'n bhaile léi agus chuireadar an t-ór i dtaisce agus buaileadh an tsheanbhean tinn.
Níor sheas an tseanbhean i bhfad agus nuair a bhí sí ag fagháil bháis thug sí sórt innseacht do'n mhac ar an áit a raibh an ciste. Chuaidh an mac agus dream eile daoine 'á thóruidheacht acht bhí péist mhór ar chlár an phota agus bhí faitchíos ortha é thógáil. Cúpla sgór bliadhanta ina dhiadh sin chuaidh fear feasa thart agus dubhairt sé leo dá mbeadh cearc bheo acu agus í chaitheadh síos ag an bpéist nach bhféadfhadh sí tada a dhéanamh ortha.
Ainm: Máire Ní Dhonnchadha
Seoladh: Leit-Árd, Caiseal.Ainm an tseanchaidhe: Seán mac Donnchadha.
Seoladh: Leitir-Árd, Caiseal- Collector
- Máire Ní Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Leitreach Ard, Co. Galway
- Informant
- Seán Mac Donnchadha
- Gender
- Male
- Address
- Leitreach Ard, Co. Galway