Scoil: Baile Locha Riabhach (Clochar)

Suíomh:
Loughrea, Co. Galway
Múinteoir:
An tSr. M. Proinnsias
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0060, Leathanach 0225

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0060, Leathanach 0225

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Locha Riabhach (Clochar)
  2. XML Leathanach 0225
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Neanntóg.
    M'athair mór ar chúl an chófra
    agus dhá chéad cóta air?
    gas gabáiste.
    Siúd thall ort é, ní trom leat é,
    Ní ball de bhaill do chuirp é
    'S tá sé ort in a dhiaidh sin.
    d'ainm.
    Teachtaire beag ó theach go teach,
    A chodluigheas amuigh 'san oidhche.
    Bóithrín.
    Siúd ins an gclúid é
    's dhá chéad sul ann?
    Críathar.
    Tógfainn in mo ghlaic é
    's ní chuirfeadh an rí gad air?
    Gaineamh.
    Corcán óir lán d'fheóil bheó?
    Méaracán.
    Cé'n mhí is lugha a ghní mná cainnt?
    I Mí Feabhra.
    Droichead ar loch gan maide gan cloch?
    Leach-oidhre
    Céard tá níos duibhe nach an fiach dúbh?
    A chuid clúmaigh.
    Cé mhéad cos ar mhuilt?
    Dhá chois.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Domhnalláin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Ros Muc, Co. Galway