Scoil: Caisleán Uí Dhálaigh (uimhir rolla 4509)
- Suíomh:
- Castledaly, Co. Galway
- Múinteoir: Seán Ó Croithín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus portach í bhfogus dó. Fásann go leór bláthanna deasa agus tá crainn ubhall ann.Tá sé líonta suas lé crainn móra. Tá an crann fuinseóige, an crann dairrigh, an crann cnó chapall agus a lán eile. Sa tsean aimsir ní raibh baile ar bith annseo, ná bóthar acht an oiread. Ní raibh rud ar bith ann fadó acht craainn. Bhain an áit ar fad fadó le Persse agus níor briseadh suas é gur díbrigheadh muintir Persse agus annsin briseadh suas é agus fuar gach duine cuid de. Bhí an bóthar ar fad ó Tobar Pheadar go Cill Chríost líonta suas lé crainn. Rinne na daoine a slighe bheatha an tam sin ag ceapadh agus ag díol coiníní.Tá athrú mór ar an mbaile anois. Tá an bóthar mór ag rith inaice leí agus bíonn gluaisteáin ag rith ann gach nóiméad. Ritheann an bus ar gach Diardaoin ar a bhealach go Baile Locha-Ríach. Tá caisleán mór ins an mbaile freisin a rinneadh fadó. Tá go leór tighthe in mo cheanntarsa agus go leór siopaí freisin. Tá an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caitlín Ní Mhuirighthe
- Inscne
- Baineann