Scoil: Caisleán Uí Dhálaigh (uimhir rolla 4509)
- Suíomh:
- An Corrbhaile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Croithín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caisleán Uí Dhálaigh
- XML Leathanach 0016
- XML “Pisreoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá go leór pisreóga thart sa gceanntar seo anoir. Tá sé ráidhte go bhfuil daoine indhán an t-arbhar agus na fataí a bainnt ó dhaoine lé uibheacha lobhtha lobhtha a chuir ionnta. Déanann síad an obair sin an chéad de mí na Bealtaine agus chun é sin a stopadh cuireann na daoine crann Bealtaine sa bpáirc. Cuireann na daoine slat cuill thart ar an gcanna bainne nuair a bhíonns síad ag bleaghan na bó ins an Samhradh innós nach dtógfhadg na daoine maithe an t-im uatha. Tá sé ráidhte muna mbeadh an t-uisge istigh agat roimh dul faoí na gréine go mbeadh na sídeóga agat sa gcanna nuair a bheitheá 'gá thabhairt isteach agus dá bharr sin cuireann na daoine an tsluth sa ceine agusdéanann síad dearg é, agusannsin cuireann síad síos sa gcanna uisge é lé na sidheóga a dhóigeadh. Tá sé ráidhte nach maith an rud snáthaid a thabhairt go duine eile gan snáth a bheith inntí. Cuireann gach duine snáthaid ina chóta, mar tá sé ráidhte go mbeadh an tádh air annsin. Tá sé ráidhte dá mbeadh fear ag(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Muirighithe
- Inscne
- Fireann