Scoil: Crois Bhóthar
- Suíomh:
- Pollacorragune, Co. Galway
- Múinteoir: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Crois Bhóthar
- XML Leathanach 0188
- XML “Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mna thart i bpéire ó theach go teach agus rud nach n-iarrann duine acu iarrann an duine eile. Bíonn siad ag iarraidh tae, súicre, plúr, fataí, bagún,arán, báinne úr is báinne géar agus im a fhaghail i ngach teach. Teigheann cúpla muirighin acu le chéile. Codhluigheann siad i mboth nó faoi'n gcáirt. Bíonn "caravans" ag cuid de na tinncéirí.
Tá fear ag dul thart tugtar "Uachtar Ard" mar ainm air mar is as an áit sin é. Ní pighinn a d'iarrfadh sé ó dhuine acht cúpla shilleacha. Tá sé ag faghail an phinsiúin.
Fadó, 50 bliadhna nó mar sin ó shoin, bhí an tír lán de thinncéirí agus fir déirce. Bhí fear ann ar a tugadh "Seán na bPáipéar". Chuinnigh sé na sean-pháipéir agus do léigh sé iad. Nuair do bhí siad léighte aige, do thóg sé isteach i bpáirc iad agus do(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Pléamonn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Castlegrove West, Co. Galway