School: Corra Finne (roll number 12877)
- Location:
- Corrofin, Co. Galway
- Teacher: Cáit Ní Lochlainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corra Finne
- XML Page 0136
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tháinig marcuigheacht fiadhach ag teach Stiopháin Mac Geannáin. Dubhairt sé leis, "Eirigh go beo agus tabhair leat do chamán go dtéigh tú ag bualadh báire go Cnoc Mágh".
"Níl aon chamán agamsa" adeir Stiophán. "Tá" adeir an marcach faoi do leaba". D'imthigh Stiophán agus bhí capall taobh amuigh ag fanacht leis. Chuaidh sé ag marcuigheacht ar an gcapall agus d'imthigh leo annsin. "Anois" adeir an marcach le Stiophán, "Tá Conndae na Gaillimhe agus Conndae Mhuigheo ag dul i n-aighidh a chéile agus má ghnóthann Conndae Mhuigheo, caithfimid iad a bheathú an bhliadhain seo chugainn. Tá fear eile saoghaltach ag tabhairt conghnamh do Mhuigheo. Má leagann sé thusa trí huaire i ndiaidh a chéile, beidh Conndae na Gaillimhe buailte". Thosuigh an báire agus tháinig an fear faoi Stiophán. Leag sé Stiophán trí huaire ach an ceathramhadh uaire, leag Stiophán é. Annsin bhí Conndae Mhuigheo buailte agus bhí an lá ag Conndae na Gaillimhe.- Informant
- Tomás Ó hUrnai
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Corrofin, Co. Galway