School: Corra Finne (roll number 12877)
- Location:
- Corrofin, Co. Galway
- Teacher: Cáit Ní Lochlainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corra Finne
- XML Page 0119
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tugtar Cora Finne ar an áir i na bhfuil mé i mo chomhnuidhe. Tá sean chaisleán ann agus i naice leis, bhí teach ósta fada. Is minic chuala mé mo shean-athair gá rádh, go ndeachaidh siar ag an teach ósta ag a deich a chlog san oidhche.
Bhí an teach seo lasta suas le soillse breághtha, ach nuair a bhuail sé ag an doras, chuaidh na soillse as. D'imthigh sé abhaile annsin. Tháinig sé maidin lár na bhárach ag tabhairt milleán do mhnaoi an tsiopa. "Tuige nár leig tú isteach mé" adeir sé léithe. "Nuair bhuail mé ag an doras chuir tú na soillse as". "Ná déan iongnadh dho sin", adeir sí. Ní raibh mise ná aoinne sa teach an uair sin". Dubhairt sí, nárbh é sin an chéad duine a thug milleán di, as an rud sin. Bhí na sidheóga ann an oidhche sin go cinnte. Leagadh an teach, ach mar sin fhéin, cíthtear soillse ann uaireannta. Deireann daoine go bhfeiceann siad sidheóga do. Nuair a bhíonn daoine amuigh tar éis a dó dhéag a chlog san oidhche, bíonn eagla ortha, dul timcheall an coirnéil sin.- Informant
- Tomás Ó hUrnaí
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Corrofin, Co. Galway