Scoil: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
- Suíomh:
- Ballinrobe, Co. Mayo
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí baintreabhach ann uair agus bhí aon mhac amháin aici. An la a rugadh an mac cuireadh crann óg. Nuair a bhí an mac seacht mbliadhna d;aois tug a mháthair go dtí an crann ógé. Tarraing an chrann sin." ar sise. Rug sí ar an crann agus tarraing ar a díchall, ach níor tháinig an crann leis. Nuair a bhí sé ceithre bliadhna déag thug sí amch aríst é ach theip aríst air Nuair a bhí sé bliain is fiche thug sí go dtí an crann é. "Bliain is fiche táim ag tabhairt bidh duit," ar sise. "Féach anois an fear atá ionnat nó spriosán." Rug sé ar an gcrann. Bhain sé tarraingt as agus tug sé leis as na préamhacha é. "Goirim thú,W ar sise leis. "Bhíodh an crann sin mar chleit agat. Baistim-se(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáith Nic Ghraith
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádhraigh Mac Ghraith
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Ballinrobe, Co. Mayo