Scoil: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
- Suíomh:
- Ballinrobe, Co. Mayo
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Na ba, caoirig, capaill, asail, gabair, na cearc agus sicíní, lachain agus geanna.
Nuair a bhíonn fear ag chuir na mbó amach ins na páirceanna agus má iompuigheann ceann acu deireann an fear "Toirt annsin."
Nuair a bhíonn bean ag crúdh na bó agus bhíonn an bhó ag leimhnuigh deireann sí "shuirim," no "póin lá" agus stadan an bhó annsin.
Ceangaileann siad na ba le sugá. Cuirtear tuighe mar easair fá'n na buaibh. Bhí bó ann uair amháin agus bhí sí ag duine bocht bhí ead ar na daoine eile i dtaobh na bó seo agus leag ceann acu an droch-shúíl uirri. Bhí a bhó ag imteacht as agus ag imteach as de réir a chéile go dtí nach raibh sí acht cosamhail le taidhbhse. In dhiaidh sin fuair sí bhás. dubhairt na daoine gurbh bó sidheógach a bhí ann.- Bailitheoir
- Cáith Níc Graith
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ballinrobe, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Ghraith
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ballinrobe, Co. Mayo