Scoil: An Doirín (uimhir rolla 11549)

Suíomh:
An Doirín, Co. Mayo
Múinteoir:
Seán Mac Cárthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0086, Leathanach 162

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0086, Leathanach 162

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Doirín
  2. XML Leathanach 162
  3. XML “Gráinne Ní Mháille agus Acaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Mac Math Ghamhna. Tharla gur briseadh long ar Oileán Cliara agus tháinic an caiptín idtír. Sa deire phos sé Gráinne. Aodh de Lása a b'ainm dó. Bhí faoi na Math Gamhain díoghaltas a bhaint amach lá tháinic loingeas Gráinne amach go dtí an Corran ag fiadhach. Níor tháinic Grainne mar bhí sí ag iomcur cloinne. Casadh fear leo a dubhairt go bhfacha sé fiadh i bhfastódh in áith airighthe agus threóruigh sé ann iad. Bhí na Mac Mathgamhna i bfolach rompa agus marbuigheadh Aodh de Lása. Annsin cuir Gráinne an cuimneachán sin suas do. Fuair sí díoghaltas mar dunmarbhuigh sí na Math Gamhain bhí ag tabairt turais go h-oileán naomhta idir Gaillimh agus Muigheó
    An méid sin thuas bhí sé bailighthe agam péin o mhuintir na h-áite. Roinnt mhaith do a bhailig Mícheal O Cafferky O.S. Bealfarsaid. Níl fhios agam i gceart cá bhfuair sé é.
    Seán MacCárthaig O.S.
    Doirín
    Gob a Choire
    Mhuigheó
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheal O Cafferky
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Béal Feirste, Co. Mayo
    Bailitheoir
    Seán Mac Cárthaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Doirín, Co. Mayo