Scoil: An Doirín (uimhir rolla 11549)
- Suíomh:
- An Doirín, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Mac Cárthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- B'iad na Máilligh taoisigh Acla. Nuair a bhí Gráinne i gceannas thosuigh sí ag cur suas caisleán. Tá caisleán mór amháin da cuid le feicsint fos i gCill Damhnait.
Caisleán cearnogach atá ann agus tá fallaí an laidre faoi. Tá sé togtha taobh istigh de Béal atá an contabartach do seoltoireacht. Tá an t-uisge éadoimhin ann agus ní fhéadfadh loingeas mór Sasana Gráinne a leanamhaint isteach. Rud eile, tá Acaill Beag amuigh de agus ní ceapfadh aeine muna mbeadh fhios aige go raibh bealach i gcoir seoltóireachta isteach níos fuide na sin. Tá poll mór doimhin taobh amuigh de'n caisleán dféadfadh an Cabhlach bheith ar ancoire ann. Deirtear go mbíodh an long ceangailte de posta na leabhtan ag Gráinne idtreo go mbead sí ullamh cun siubhail láithreach dá mbeadh gádh leis. Nil fios agam céard í an blian a togadh an caisleán mar chaitheadh an cloch air a raibh an dáta sgríobhta isteach ins an uisge (Poll an Chaisleán). Bhí (ceann?) eile cosamhail le seo aici ag bun Sliabhmóir.
I n-áirde ins na failltreaca (faragáin) os cionn Loch an Choire (Leaith) Léithe i Leith-inis Corráin tá iomhaigh gearrtha amach as cloich ar a dtugtar Pictiúir Aodh de Lása [Nóta bhí fear Seamus Ó h-Éilidhe a mhaireann agus nuair a bhí sé ag cainnt faoi thug sé Pictiúir Daivi? air tré tionáigh agus tugan na daoine Pictiúir Daivi ar an íomháigh ó shoin mar magadh] Timceall 30 bl o soin thosuigh buachaill droch-béasach ag caitheamh cloch leis agus bhain an t-sron de. Seo an fáth gur togadh an leacht sin.
Bhí Gráinne Ní Máille luaidhte le taoseach des na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheal O Cafferky
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal Feirste, Co. Mhaigh Eo
- Bailitheoir
- Seán Mac Cárthaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Doirín, Co. Mhaigh Eo