Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Árd Leathan
- XML Leathanach 485
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal
“Bhí fear ann a chomhnuidhe i Mín-Ghiolla-Chairrfhaidh darbh ainm Mac-Giolla-Bhuidhe.”
Sean Sgéal.Bhí fear ann a chomhnuidhe i Mín-Ghiolla-Chairrfhaidh darbh ainm Mac-Giolla-Bhuidhe. Chuaidh sé go Cnoc-Litreach ag cuartughadh mná. Fuair sé bean ba gnathach leis a ghábhail siar achan mhaidín agus a theacht arais san oidhche. Bhí aige le ghábhail thar sruthán. Bhí sé ábalta léim a thabhairt thar an sruthán achan mhaidín ach ní rabh sé ábalta tráthnóna. Chonnaic a uncal é agus d’fhiafruigh sé do, “Cad chuige na rabh sé ábalta léim a thabhairt thar an sruthán tráthnóna. Dubhairt sé “Tá sean-dhuine annsuid agus nuair a théid sinn isteach ag ar ndinnéar ní itheacan sé greim amháin agus téigheann sé amach arais ag caithfidh mise an rud céadna a dhéanamh agus ní fhágham leath mó sháith le ithe lá ar bith “Rachaidh mise leat i mbárach arsa an t-uncal. “Ar maidin rinne an bheirt réidh agus d’imthigh siad. D’íarr an t-uncal air gan stad a ithe go mbéadh a sháith ithte aige. Shiubhal siad leó go dtáinig siad fhad leis an teach. Rinne an bhean an tae. Shuidhe siad isteach ag an tábla. D’ith an sean-duine greim amháin agus chuaidh sé amach arais. Dith an bheirt a sháith agus chuaidh siad amach fosta. Rinne siad an rud céadna ag am(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Róise Nic Néill
- Inscne
- Baineann