Scoil: Caiseal (2) (uimhir rolla 15393)

Suíomh:
An Caiseal, Co. Donegal
Múinteoir:
Seán Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 458

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 458

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal (2)
  2. XML Leathanach 458
  3. XML “Pósaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Mhairt, Diardaoin, agus an Domhnach na laethe adhamhla fa choinne posadh
    Píosa cuig sgillinge a bheareas an fear do'n bhean nuair atá siad a bpósadh agus chualas sgéal fa dtaobh de fhear a posadh agus thug sé píosa trí pighinne do'n bhean sa t-seipeal agus nuair a tháínig siad amach b'éigean dithe na trí pighinne a thabhairt do arais.
    Ba gnathach le athair na giorrsaighe deich bpunta agus bó agus mar sin de a thabhairt do'n nighean do réir mar bhéadh sé acaine lé é a thabhairt.
    Bhíodh baineas ag an lanamháin agus mhuirthí molt agus bhéadh b'feidir crig lán póitín a mbéadh b'feidir octh ngalúin innte.
    Ba gnathach leis na mná séal beag geal a chaiteadh ar a ngualainntha.
    Sé an fháilte a chuirthí rompa. "Go mairidh tú dó nuaidheacht agus ádh mór ort."
    Char chóir do'n cháilín caoineadh an lá posadh í.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréadh Ní Fhríghil
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gort na Trá, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Padraig O Fríghil
    Inscne
    Baineann
    Aois
    56
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Gort na Trá, Co. Donegal