School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)
- Location:
- Ros Goill, Co. Donegal
- Teacher: T. Mc Ginley
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí croidhe a mhnaoi briste créachtachach ní rabh an bhean bhocht ábalta a’ dhath a dheanamh leis. Maidin amháin nuair a d’fhosgladh an doras fuarthas é n-a luighe marbh súite ar anleacán. [Saoilfea]? go mbeadh deireadh leis an buaidreadh annsin ach cha rabh. Bhí tuilleadh le theacht mar nar fhág an rud seo a h-intinn go dtí lá a bás.
I dtigh na faire an chead oidhche bhí ionghantas an domhain ar chuid de na daoine nuair a chonnaic siad cat mór dubh trí nó ceithre uaire i rith na h-oidhche istoigh sa leabhaid ar chál an chuirp. Do tharlaidh an rud ceadhna an darna h-oidhche fosda. Níor [labradh]? mar fa dtaobh de.
Tháinig lá an tórraidh. Bhí deic n-oiread daoine ag an tórradh is bheadh am ar bith eile ach go rabh an sgéal uathbhásach milltinneach seo ag dul thart. Nuair a shroich siad an roilig agus nuair a d’ísligh na fir an chómhair síos ins an uaigh do léim cát dubh cómh mór le madadh suas ar chlár na cómhnrach. Stad na(continues on next page)