Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)

Suíomh:
Ros Goill, Co. Donegal
Múinteoir:
T. Mc Ginley
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 300

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 300

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Leathanach 300
  3. XML “Stairiúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    I 1847 ba ghnáth leis na daoine an brachan a fhághail i nGleann Ríogh. Tugadh amach é do na daoinibh bochta taobh amuigh de seo i dtubarnaibh agus i gcruísginibh. "Brachán Réidh" a tugadh air.
    Ba ghnáth le beirt fhear dhul achan Luan go Sligeach fa choinne mine. Do philleadh siad tar nais gach Satharn. Do roinneadh an mhin amach dos na daoinibh bochta 'n-a bpúinntaibh (?) ag Droichead Leacach. Tá sean bhean Neans Nic Úghdhaill sa cheanntar seo (88 bl. d'aois) a bhfuil cuimhne mhaith beacht aicí ar seo.
    Fa réím an Tighearna Liathdrom gheibhtear radharc ar na (?) ag baint le cíorcuaibh (?) srl.

    Sgéal Beag: "An Cat Dúbh"
    Bhí fear annseo aon uair amháin a a tugtar Mac Daibhid air. Ó bhí sé n-a ghasúr bhí sé an tugtha do'n olachán. Oidhche 's ló bhíodh sé ar meisge ar phoitin mar is annamh a bhiodh luac an uisge beatha aige. D'fhág a athair an fheirm aige - agus ba í sin an fheirm - neart ba, barr 'suile. Chá rabh saoghal fada ag Mac Daibhid
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    2. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge