School: Carraig Airt

Location:
Carraig Airt, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Phaidín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 210

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 210

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Carraig Airt
  2. XML Page 210
  3. XML “Tobar an Dúin (Tobar Dúin)”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Imeasg sléibhte Thírchonaill suidhte i gceart-lár móinte tá tobar de thobair bheannuighthe na hÉireann ar a dtugtar Tobar an Dúin.
    Tá an tobar seo fá tuairim ceathramhadh míle ar an taoibh theas de'n bhelach mhór atá ag dul ó Chill-mhic-nÉanain go Gartan - dhá mhíle ó'n chead áit agus sé mhíle ó'n áit 'nár rugadh Naomh Colmcille. Ní fhuil rud ar bith fa leith i gcuma nó i ndeanamh an tobair seo acht amháin mar atá i mór-chuid de na tobair beannuighthe eile atá ar fud na tíre. Tá an tobar é féín beag cruinn, carnán beag cloch thart fá dtaobh de agus leac mhór ortha seo mar cúmhdach do' n uisce. Ba doiligh deanamh amach carbh as a bhfuil an t-uisce ag teacht acht bíonn sé annsin sa tSamhradh agus sa Gheimhreadh agus ní fhaca aon duine beo aon laghdughadh air gídh go dtógtar na céadtaí galún as gach Dómhnach rith an tSamhraidh.
    Péirse nó mar sin ar an taoibh thoir de'n tobar tá cruinnuighadh bátaí agus iad saithte sa talamh ar nós fáschoill beag. Cróisiní iad seo a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish