School: Carraig Airt
- Location:
- Carraig Airt, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Phaidín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Carraig Airt
- XML Page 211
- XML “Tobar an Dúin (Tobar Dúin)”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)d'fhág daoine a fuair léigheas ag an tobar na ndiaidh mar chómharthaí dó'n dícreidmheach.Deirtear gurb é an tAthair Ua Fhrighill a bheannuigh an tobar seo cúpla céad bliadhain ó shoin. Innstear a lán sgéaltaí fá mar cuireadh ar bun é agus seo sgéal amháin aca.Is cosamhail go rabh an tAthair Ua Frighill ar chuairt chuig an Pápa sa Róimh agus ar theacht abhaile do bhí sé ag taisteal na tíre lá nuair tháinig sé go bun Charraig a' Dúin. Thug sé fa deara tobar beag annsin agus bhlais sé an t-uisge. Annsin choisrigh sé an tobar agus d'iarr sé athchuinge ó Dhia go mbéadh íocuisge uisge an Tobar ó'n lá sin amach. Mar chomhartha ó Dhia go rabh Sé toilteanach a athchuinge a thabhairt dó thainig an bata a d'fhág sé san Róimh anios fríd an tobair chuige.Ní shilim féin gur inchreidte an sgéal mar a h-innstear annseo é. Tá fhios ag gach duine nó gach seanchaidhe gur gnáth leis na Gaedhil sul a dtáinig Naomh Pádraig 'na tíre seo, onóir agus adhradh a thabhairt dó thobair agus(continues on next page)