School: An Gleann (roll number 14277)
- Location:
- Glen, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 90
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Dubhairt an mac go ndeánfadh sé a dhicheall leis an uisce a fhághail duithe sul a leigfeadh sé duithe bás a fhághail.
Bhí dhá leomhan ceangailte ag an tobar agus gach duine a chuaidh cho mhair an tobair roimhe sin mharbh na leomhain iad. Shíl an fáthach go ndeánfaidh an rud céadna leis an fhear seo.
Nuair a chuaidh mac na baintreabhaigh fhad leis an tobar tug sé buille dé’n claidheamh do’n chead leomhan. Rinne sé mar an gcéadna leis an dara ceann. Thóg sé an t-uisce. Nuair a d’amharc sé thart in áit dhá leoman a bheith ag an tobar bhí an cailín a ba dóigheamhla da bhfaca sé ariamh agus cú. D’innis an cailín dó go rabh sí faoi gheasa fanacht ag an tobar go dtabhairfeadh buachaill óg buille dé chlaidheamh duithe. D’innis seisean duithe-sé caidé thug annsin é.
Ba é an deireadh a bhí air go dtáinig sise leis go h-Éirinn. Chonnaic an mháthair agus an fáthach iad ag teacht agus bá mhór an t-iongantas a bhí ortha. Smaointigh siad caidé bá chóir dóbhtha a dheánamh anois. D’iarr an fáthach ar an mháthair cuir i gcéill go rabh fáilte mhór rompa agus a sáith a tabhairt dóbhtha le h-ithe. Rinne sín sin.(continues on next page)- Collector
- Eithne Ní Cheallaigh
- Gender
- Female
- Address
- Toam, Co. Donegal
- Informant
- Cathal Ua Ceallaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Toam, Co. Donegal