School: An Gleann (roll number 14277)
- Location:
- Glen, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 89
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Lá amháin in a dhiaidh sin bhí an mháthair ag siubhal i gcoill. Bhí an mac ar shiubhal ag seilg. Tháinig an mháthair fhad le caislean. Chuaidh sí isteach agus thoisigh a dheánamh réidh béile dí féin agus d’a mac. Ní rabh an béile réidh aici nuair a tháinig fáthach mór isteach. Leig sé béic as féin agus chuir ceist uirthi caidé thug uirthi theacht isteach in a chaisleánsa
D’innis sí dó nach rabh aici ach an mac amháin agus nach rabh teach ar bith dá gcuid féin aca. D’fhiafruigh sé duithe caidé’n cineál fir a bhí san mhac. Dubhairt sise gur fear an-láidir a bhí ann agus d’innis sé dó fá’n chlaidheamh a fuair sé.
Dubhairt an fáthach nuair nach rabh seisean abalta an mac a chur ‘un báis ag troid leis go bhfuigheadh sé dóigh éigin lé deireadh a chur leis agus annsin go mbéadh an caisleán ag an bheirt aca dóbhtha féin nó go bpósfadh sé an bhean.
Diarr sé ar an mháthair colleach a mharbhughadh agus nuair a thigeadh an mac abhaile braon dé’n fhuil a chur in a béal agus rádh gur sin an chead deór dé fhuil a croidhe agus muna bfuigheadh sí braon uisce as tobar a bhí san domhain thoir go gcaithfidh sí amach an deór dheireannach. Rinne sí sin.(continues on next page)- Collector
- Eithne Ní Cheallaigh
- Gender
- Female
- Address
- Toam, Co. Donegal
- Informant
- Cathal Ua Ceallaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Toam, Co. Donegal