School: An Gleann (roll number 14277)

Location:
Glen, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 88

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 88

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gleann
  2. XML Page 88
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sean Sgéal.
    Bhí ríogh i Sasain uair amháin agus bhí gárda de shaighdiúirí bhreághtha aige. Bhí saighdiúir amháin ann agus thuit nighean an ríogh i ngrádh leis. Pósadh iad i ngan fhios.
    Nuair a chuala an ríogh seo chuaidh sé ar daoraidh. Thug sé a trom féin de óir dó’n nighean agus d’iarr uirthi imtheacht agus gan eisean amharc fheiceál uirthi go brádhach.
    D’fhág sí Sasain agus thainig sí go h-Éirinn. Fuair sí féin agus an fear ar aghaidh go maith ann. Rugadh mach óg dóbhtha. Ní rabh an gasúr seo ró mhór nuair a marbhughadh a athair.
    D’fhás an gasúr beag seo suas agus b’fhurust aithne air go rabh sé ag dul a bheit in a fhear láidir. Fuair sé féin agus a mhátair ar agaidh go maith.
    Bhí an bheirt aca ag siubhal le chéile amuigh ins na páirceanna lá amháin. Chonnaic siad cloch mór a rabh poll astoigh fúithe. Bhí sí naoi dtonnaí naoi n-uaire ar trom. Chuir seisean a chois isteach fúite agus chaith ar shiubhal í. Fuair sé claidheamh airgid astoigh fúithe agus é sgríobhtha ar an chais an fear a dheánfeas [úsaid]? de’n chlaidheamh seo gheobhaidh sé buaidh ar an t-saoghal.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Collector
    Eithne Ní Cheallaigh
    Gender
    Female
    Address
    Toam, Co. Donegal
    Informant
    Cathal Ua Ceallaigh
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Toam, Co. Donegal