Scoil: An Sraith Mhór (uimhir rolla 15208)
- Suíomh:
- An Srath Mór, Co. Donegal
- Múinteoir: Brighid Ní Ghaodhchain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sraith Mhór
- XML Leathanach 85
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Da bfuighinn é caithfinn uaim é
As ní bfuair mé é as bhí sé liom
(Dealg in do chois).
9. Thuit sí thuit sí taobh amuigh don claidhe
Thuit sí, thuit sí taobh istoigh don claidhe má bhaineann tusa le thuit sí, thuit sí bainfidh thuit sí thuit sí greim asat. ( Cúl (Faidh)
10. Mo ghiolla beag caol in a shuidhe ag an tobar
A ceann cruaidh maol go maol leis an tobar
Ní íosann sé arán ní ólann sé bainne go gcuireann tú a cheann síos ins an tobar ( peann i mbuidéal dúbha)
11. Caidé atá lan agus coinbhuigheann sé tuilleadh
(pota lán préa[taí?]
12. Dhá chloch ar chloch agus cloch ar dhá chloch cá mheid cloch é sin ar fád (Tuir cloich)
13. Téidheann sé thart fa'n teach agus thart fa'n teach agus codhluigeann sé 'san choirnéal ( an scuab)
14.Dhá lach roimh lach
Dhá lach indiaidh lach
Cá méid lach é sin (Trí lach)
15. Chuaidh fear isteach ingaraidhe
Bhí dhá crann ubhaill ann
Níor thug sé ubhaillí ar bith leis agus níor fhág sé ubhaillí ar bith Chá mhéid ubhall abhí ar an chrann
16. Fear beag dubh agus a theach ar a dhruim. F seilmidhe.- Bailitheoir
- Eibhlín Ní hEarlaigh
- Inscne
- Baineann