Scoil: Doire Beag (uimhir rolla 14503)

Suíomh:
Doirí Beaga, Co. Donegal
Múinteoir:
Sibéal Ní Ghallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 291

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 291

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Beag
  2. XML Leathanach 291
  3. XML “Tomhasanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tomhasanna
    An fear a rinn é rinn sé é le é dhíol; An fear a cheannuigh é cha dearn sé úsaid ar bith de agus an fear a rinn úsaid de ní fhaca sé ariamh é? Comhnair
    Caidé gníos dhá bhróig? Péire bróg
    Ca h-áit is mó a bhfuil daoine? San roilig.
    Tá coirnéal ins an t-seomra, tá cupa ‘san choirnéal, tá deoch ‘san chupa agus caithfidh gach duine é ól? Bás.
    Tá tom geal ortha, acht ní gearrfhiadhach ias, tá bárr géarr ortha, acht ní snáthaidí ias? Feaghacha.
    Caidé atá níos fearr na Dia, agus níos measa na an diabhal, biadh an duine marbh agus chá dtiocfadh leis biadh an duine beo a ithe? Dhath ar bith.
    Bó bhán bó bhán ag dorus Sheáin, íosfaidh sí an méid a gheobhaidh sí acht ní chacfaidh sí a’ dhath? Roilig.
    Is mise bean an toighe sé órlaigh ar fad, ní leigfidh mé isteach tú muna gcasann tú in do dhurn mé? Eochar.
    Caidé is gaiste amuigh? Smaointeadh.
    A athair, caidé an dóigh a bhfuil sé gur tusa m-athair, acht ní mise do mhac? Sagart.
    Caidé an dóigh a dtiocfadh le dearbhrathair a dheirbhshúir a phósadh agus gan é i n-éadan an dlighe?
    An dearbhrathair a bheith ‘na shagart.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge