Scoil: Doire Beag (uimhir rolla 14503)

Suíomh:
Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Sibéal Ní Ghallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 277

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 277

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Beag
  2. XML Leathanach 277
  3. XML “Dúlaman Na Béinne Buidhe”
  4. XML “Gaoth Dobhair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Go raibh a ceann cíortha
    Dúlaman na béinne buidhe & rl.

    Chuir mé sgéala chuicí ó,
    Go gceannochain leabaidh duithe
    Sé an sgéala chuir sí chugam ó
    Go luighfeadh sí ar na cláraí.
    Dúlaman na béinne buidhe & rl.

    Fuaras ó,
    Phádraig Mac Giolla Bhríghde,
    Árd na gCeapairí,
    Doire Beag
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Is aoibhinn, is aoibhinn Béal an Bharra
    Ag éirighe amach ar madín ceo
    Ní aoibhinn liom é na Béal Átha Seanaigh
    O sin siar go Barnes Mór.
    Gheobhaidh tú na Rosainn ma's áil leat é
    Fairsinge Sléibhe agus fosgadh gleann
    Gheobhaidh tú an chuach agus Litear Mhic an Bháird
    Oileán saidhbhir is Innis Caol
    Gheobhaidh an Cill Chluaine fa choinne féir
    Is inbhear éisig i gCuan na nGall.

    Fuaras uaidh,

    Mhairghread Ní Ghallchobhair
    Machaire-An-Chlochair,
    Doire Beag
    parroiste Ghaoth-Dobhair
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mhaighread Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    82
    Seoladh
    Machaire Chlochair, Co. Dhún na nGall