Scoil: Doire Beag (uimhir rolla 14503)

Suíomh:
Doirí Beaga, Co. Donegal
Múinteoir:
Sibéal Ní Ghallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 283

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 283

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Beag
  2. XML Leathanach 283
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal Eile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal
    Bí fear naomhtha annseo fad ó a raibh Donnchadh Mór air. Ag Samhain i gcomhnaidhe dheánfadh sé suas beatha na bliadhna. Bhí sé bliadhain agus bhí sé tráth amháin goirid. Dubhairt sé an oidhche seo le lucht an toighe go gcaithfeadh siad dul a luighe gan suipeár. Tháinig an neach amuigh i gcúl an dorais agus arsa seisean “A Dhonnchaidh Mhóir an Chroidhe Bhig caith a’ gath is duse dhuit”. Thug Donnchadh ortha an suipeár a dhéanamh agus a chaitheamh, agus bliadhain ó’n am sin ní raibh sé thráth ar bith goirid.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Scéal eile.
    Bhí saghart san pharroiste seo san tsean am. Chuaidh an pobal in (an) a éadan agus cuireadh ar shiubhal é. Chuaidh fear amháin darbh ainm do Mac Aodha níos doimhne ann no an chuid eile le linn an no t-saghairt imtheacht thoisigh Mac Aodha ‘gha chlaoidh ‘sa chaitheamh. Tháinig saghart eile na h-áite. Chuaidh an fear chuige agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge