School: Doire Beag (roll number 14503)
- Location:
- Doirí Beaga, Co. Donegal
- Teacher: Sibéal Ní Ghallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Beag
- XML Page 282
- XML “Tomhasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé ábalta fághail trasna. Goidé an dóigh a bhfuair.. anall? D'fhan sé go dtí gur imthigh Eoghan 'na bhaile.
Gé roimh ghé, gé indhiaidh gé, gé idir gé, cá mhéad gé... ann? Trí gé
Tcidhfidh tú go leór acu acht ní fheicfidh tú do cheann fhéin? Comhnaire.
Goidé an beathadhach ceithre gcos ar an domhan atá 'na.....ar an rith, 'na rígh ar an t-snámh, agus 'na rígh ar an eolas? Carrfhiadhach.
Lá amháin chuaidh ceathrar fear a' amharc ar charraig chloc eibhir. An chéad duine ní raibh amharc ar bith aige, an dara duine ní raibh lámh ar bith air, an treas duine ní raibh cos ar bith air, an ceathramhadh duine bhí sé tarnochtuighthe. Chonnaic an céad duine éan, sgaoil an dara fear é, rith an treas duine agus thóg sé é agus chuir an ceathramhadh duine ina phóca é. Caidé sin? Bréag.
Ca cuige a bhfuil saoghal 'na thomhais? Cionnus go gcaitfidh muid uilig é a thabhairt suas.
Caidé sin atá ag cárr, gan é ní thig leis an... dul, agus níl sé ag déanamh maithe ar bith....charr? Trup
Lá amháin bhí Wee Wirley Wigim Wagam ag dul an bealaigh mhóir agus casadh Wee Tom Tigim Tagaim air.......sé ceist ar Wee Tom Tigim Tagaim goidé an cin.(cineál?) aimsire a bhí 'san tír a raibh seisean ann. Dubhairt.....go raibh aimsear fhuar ann. Chuir Wee Wirley Wigim Wagam ceist ar Tom caidé an cineál aimsire a bhí 'na thír sin agus dubhairt sé go raibh sé te. D'imthigh an bheirt acu go dtí tír Wee Tom Tigim Tagaim.
Caidé sin? Dreoilín agus an ghlaiseóg