Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 88

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 88

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 88
  3. XML “Iascaire Bocht na hÉireann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ort caidé luach do chuachóg shíoda. Abair leithe mac iascaire bocht na h Éireann a fhágailt 'n-a shuidhe ar do bhois".
    D'imthigh sé leis agus rinn sé mar d'iarr Cailleach na gCearc air, agus tháinic an cailín ruadh chuige mar h-innseadh do.
    "Caidé luach do thúirne oir ?" ar'sise
    "Mac iascaire bocht na h Éireann a tabhairt go dtí a dhá ghualainn san fhairrge" ar seisean.
    Rinn sí seo agus fuair sí an túirne.
    "Caidé luach do fhearsad airgid ?" ar sise.
    "Mac iascaire bocht na h Éireann a thabhairt go dtí a dhá ghlún san fhairrge", ar seisean.
    Rinn sí seo agus fuair sí an fhearsaid.
    "Caidé luach do chuachóg síoda ?" ar'sise
    "Mac iascaire bocht na h Éireann a fhágailt 'n-a shuidhe ar mo bhois", ar seisean, agus rinn sí sin agus fuair sí an chuachóg.
    Nuair a fuair mac iascaire bocht na h Éireann é fhéin 'n-a shuidhe ar bhois a athra rinn sé seabhac de fhéin agus d'imthigh sé 'n-a bhaile. Bheir sise ar an t-sean-dhuine agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Anna Ní Chrosáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Gráinne Ní Grianna
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    79
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Donegal