Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 63
- XML “An Cat Breac”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)órdughadh dó’n ghiorsaigh a ghabhail ‘un t-srúthain a nighe éadaigh. Thug sí leithe tubán agus an t-éadach agus d’imthigh sí. Lean an cat beag breac í.
Ní raibh siad i bhfad ag an t-srúthán gur chuir luchóg uisce a ceann aníos as faoi an uisce agus d’imthigh sí síos arais. Chonnaic an cat í agus chuaidh sé i bhfolach i gcúl an tubáin. Fá chionn tamaill tháinic luchóg eile aníos agus rith sí anonn ag brath léim a thabhairt suas ar an chailín nuair a tháinic an cat amach as cúl an tubáin. Fuair sé greim muineail ar an luchóig agus chaith sé suas anns an aer í agus mharbhuigh sé í - Fá chionn tamaill tháinic luchóg eile aníos agus rinn an cat an cleas céadna leithe go dtí goraibh na luchógaí uilig marbh aige.
Chuaidh an leas-mháthair fá choinne an éadaigh agus fá choinne na giorsaighe a shaoil sí a bheith
marbh, ach ní dheachaidh sí i bhfad gur casadh an ghiorsach uirri ag teacht ‘n-a bhaile.
Chuaidh sí chuig Cailleach na gCearc arais. D’iarr an chailleach uirrí í a chur ‘n-a coilleadh a chruinniughadh adhmaid go raibh easógaí anns an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Anna Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire na Mainséar, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Pádraic Ó Maoileagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 85
- Seoladh
- Doire na Mainséar, Co. Donegal