Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tháinic thug an buachaill seirbhiseach amach go dtí an choillidh é agus d'innis sé do gur iarr a athair é a mharbhadh agus d'innis sé do caidé 'n fath.
"Ó, ná marbhuigh mé", ars' an buachaill, "ach sábhail mé. Fág annso mé agus nuair a rachas tú 'n-a bhaile abhair gur mharbhuigh tú mé."
Nuair a bhí an mac a b'óige i ngarradh na nubhall thug sé leis rudaí eile fosta ach ní raibh fhios ag na dearbhrathaireacha go dtug. Tamall maith 'n-a dhiaidh sin tháinic cailin óg go doras thoigh' an ríogh. D'iarr sí ar an rígh an fear a thug leis na hubhlaí a chur amach chuici. Tháinic an fear a b'sine amach.
"An tusa an fear a thug leat mo chuid ubhlaí?" ar' sise.
"Is mé, cinnte", ar seisean.
"Caidé na rudaí eile a thug tú leat as an áít?" ar sise.
Thoisigh sé a innse 'acha'n rud duithe agus nuair a chualaidh an cailín seo thug sí buille do agus níor tharraing sé an dara hánal(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Síghle Ní Grianna
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 21
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal