Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)345. Is mairg a ghnídheas uair leis an bhás.
346. Is fearr achan rud ná droch phosadh
347. Is fearr caislean de chnámha na caislean de chlochaibh.
348. Is mairg a bíos shíos den chéad bhuille.
349. Imigheann na daoine ach fanann na cnuic.
350. Is fusa an t-slainte a chailleadh ná a fághail
351. Is olc an t-éan a shaluigheas a nead fhéin
352. Is iomaidh dóigh le madadh a thachtadh díomaite de na thactadh le h-im.
353. Is iomaidh lá ag an uaigh ort.
354. Lá níos sine, lá níos eolaidhe.
355. Lá indiaidh an mhairgaidh.
356. Leig sé a mhaidí le srúth.
357. luighe slán agus éirigh folláin chugat.
358. Luighe gan éirigh chugat.
359. Le n-a mholadh is fearr é.
360. Leig fad a adhastair leis.
361. Le dúil i iomarca cailltear go minic an t-iomlán.
362. Lucht muchta agus créachta, cuireann an Márta sa chré iad. - ar leanbhúint)(leanann ar an chéad leathanach eile)