Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 185
- XML “An Gadaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Billí a cur ar siubhal ar fostádh. Cuireadh amach 'un Lagáin é. Rinn sé margadh le maighistir mór, garbh agus bhí a sháith eagla ar bhillí roimhe. Thug an mháighistir leis n-a bhaile é ar shean-charr.
Nuair a shroich siad an baile, chuaidh siad 'un toighe agus d'iarr an maighistir ar a mhnaoi bolgam tae a deanamh réidh dó'n ghasúr agus do fhéin. Thug an bhean amach plata beag aráin, agus giobóg ime a raibh saileadh scadhan de shalann air. D'ith billí a sháith go maith agus fuair sé leabaidh chluimhrigh le luighe uirri.
An oidhche 'r na mharach dubhairt an maighistir go rachadh siad amach a ghadaidheacht agus thoiligh Billí a ghabhail leis. Thug siad leo dréimire rópa agus málaí. Chuaidh siad suas ar mhullach toighe, leig siad an sean-duine síos an simlear leis an rópa agus 'n-a dhiaidh sin chuir siad síos na málaí.
Líon an sean-duine na málaí agus tharraing Billí agus an bhean aníos an simlear iad agus annsin tharraing siad aníos an sean-duine. D'imthigh siad leo 'n-a bhaile(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Mac Páidín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Prionnsias Mac Páidín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal