Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gheimhridh tháinic cuil ar an fhairrge agus thoisigh an ghaoth a éirighe. I dtionntadh do bhoise, dar leis, bhí an ghaoth ag siabadh go trean agus go siabfadh sí na hadharca de na ba. I dtráthaibh an mheadhon oidhche chualaidh Domhnall agus a bhean trup agus torman thios i mBéal na Trágha Báine. D'aithin said gur soitheach a bhíthear a raictheal a bhí ann.
D'éirigh sé go tapaidh, chaith air, agus chuaidh síos 'un na trágha agus nuair a fuair sé an fad sin bhí an soitheach 'n-a cláraí i mBéal na Trágha Báine.
Chuaidh sé a amharc thart go bhfeicfeadh sé an raibh a dhath uirri a b'fiú a thabhairt shiubhal. Chonnaic sé clog agus d'aithin sí gur óir a bhí innti. Tháinic sé aníos 'na bhaile agus mhuscail sé an bhean agus chuaidh an bheirt aca síos agus chuir siad an clog i bhfolach sa ghainimh.
Tháinic siad aníos na bhaile annsin agus bhí breacadh an lae ann. Rinn an bhean réidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Baoighill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Baoighill
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 38
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal