Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 133
- XML “Triúr Mac”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)uirri an dtiocfadh leithe braon tae a thabhairt daobhtha ná go raibh siad tuirseach ocrach tar éis an aisdir. Dubhairt sí nach dtiocfadh leithe ná go raibh triúr fathach 'n-a gcomhnaidhe sa teach, go raibh siad ar shiubhal fríd an choillidh fá láthair ag cuartughadh éanach, go mbéadh siad 'un toighe ar ball agus go muirbhfeadh siad iad.
Dubhairt an fear a b'óige gur chuma leo fá na fathaigh agus í braon an tae a dheanamh réidh daobhtha ná go raibh sé ag teasdail go cruaidh orra. Rinn sí an tae agus d'ól siad é.
Nuair a bhí an tae ólta aca shiubhal na trí fathaigh isteach. Dubhairt an chéad fhathach leis na dearbhrathaireacha nuair a chonnaic sé iad gur mhór leis i ngreim amháin iad, gur bheag leis ann dhá greim iad ach dá mbéadh gráinín salainn aige go n-íosadh se i ngreim amháin iad.
Dubhairt an fear a b'óige de na mic nach n-íosadh. Thug se léim ar an fhathach agus mharbhuigh sé é.
Tháinic an darna fathach 'un tosaigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Domhnall
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal