Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Templecrone, Co. Donegal
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 226
- XML “Rudaí atá Cneasta agus Rudaí nach bhFuil Sona i Leitir Mhic an Bhaird”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ní’l sé sona a bheith amuigh go mall oidhche na marbh.
Ní ceart ingní pháiste a ghearradh.
Ní ceart teacht isteach ar doras agus bata ar do ghualainn.
Ní ceart asal a bhuaileadh le cloch.
Ní’l sé ceart báinne a [?] thabhairt do dhuine gan rud beag salann a chuir air.
Ní comhair uisge a thabhairt isteach indhiaidh luighe na gréine.
Ní’l se ceart baint le áit uasal.
(sídhe).
Ní’l barraidheacht glainineacht sona.
Tá sonas sa ghiobarsa.
Ní’l sé ceart teach a thógail i n-áit a bhfuil ballógaí Teach Phobail.
Ní comháir do fhear ar bith an fhéasóg a bhaint de, ar aoine a’ Chéasta.
Ní cóir do dhuine a gruag a doghadh indiaidh é a ghearradh.
Ní cóir do dhuine ar bith a bhrionglaid a innse, do dhuine eile.
Níl sé ceart ag bean a bheith ag amharch ar bhó ag fágháil dairthe.
Níl sé ceart báinne a thabhairt amach indiaidh na h-oidhche.(leanann ar an chéad leathanach eile)