Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 227](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1062%2FCBES_1062_227.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 227
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 227
- XML “Rudaí atá Cneasta agus Rudaí nach bhFuil Sona i Leitir Mhic an Bhaird”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Níl sé ceart ag an choileach sgairt amháin a leigint ag an doras nó gheobhaidh nó gheobhaidh duine sa teach sin bás roimh bliadhain.
Ní ceart dhul isteach faoi bhó.
Ní cóir do dhuine atá níos mó no thú a léim thar a do dhruim.
Ní cóir sgath fearthainn a chuir suas istoigh sa teach.
Tá sé créasta cat a leigint isteach sa leabaidh a bhfuil duine marbh na luighe ann.
Bá cóir cros d’en bhainne a chuir ar an bhó indiaidh blighe.
Ní cóir duit labhairt ar sagairt gan “cead a gcóta” a ráidht
Ní cóir an clog a bheith ag dhul, nuair atá duine marbh sa teach.
Má tá páiste marbh sa teach ní cóir an ainm céadhna atá air a scairtigh ar pháiste eile sa teach.
Níl sé ceart teach a dhéanamh agus seomra a chur ar an taobh thiar de.
No duine ar bith a bhíos na chodhladh ann cupla oidhche gheobhaidh siad bás.
Ma thig na madaidh ar na caoraigh agus ceann amháin acu a(leanann ar an chéad leathanach eile)