Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Templecrone, Co. Donegal
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhíonn an cat a nighe a aghaidh an chéad duine a amharcas sé air gheobhaidh sé bás roimh bhliadhain.
Nuair a bhíonn tú ag dul 'un aonaigh agus bean ruadh a chasfhar ort béidh droch ámh ort.
Má thig an spideóg isteach gheobhaidh duine sa teach bás roimh bliadhain.
Má bhíonn duine ag cioradh a gruaige Aoine a' Cheásta ní bhéidh adh mhaith air ina dhiaidh.
Ar an chéad lá de bheáltaine éirigheann cuidh de na daoine go luath agus saitheann siad craobh d'én crann chaorinn isteach sa charn aolaigh ar ndeanfaidh droch amharc. Deirtear fosta an chéad duine eirigheas lá Bealtaine gur sin an chéad dhuine a gheobhas bás sa teach. Mhá bhíonn faithne ort agus poll béaguisge a fhágháil igcarraig agus an faithne a nighe sán uisge go numtheocaid sé duit.
Níor chomhair do phaiste ar bith a bheith amuigh Oidhche Shamhna gan salann a chuir ar a gcuid gruaige. Níor comhair aibhleog a thabhairt as teach a bhfuil(leanann ar an chéad leathanach eile)