Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)duine tinn ann
Ma bhíonn an cat ag nighe a aghaidh an cheád duine a amharcar sé air bhéidh an duine sin marbh roimhe bliadhain
Ní cór do bheirt ar bith amharc isteach ins an gloine amháin.
Má tá duine ag dhul a bhualadh bainne agus gan é a bheith ag cruinniugheadh daobhtha. Gheobhaidh siadh crut capall agus caithfidh siad sa teinidh é Nuair atá sé dearg bheirfidh siadh amach agus caithfhidh siad faoi an chuinneóg é annsin bíonn sé ag cruinniughadh níos fearr
Thig le daoine iad fhéin a thionn - tughadh isteach in mórán dóigheanna
Tigeann siad isteach un na toighe agus bheireann siad an t-uachtar ó'n bhainne leobhtha.
Ní thig leat droch amharc a dheanamh ar dhuine má tá éadaí dearg air.
Má bhíonn an madadh ag caoineadh taobh amuigh d'en teach geobhaidh duine sa teach bás.
Má thig an madadh isteach agus agus cleite ina ruball leis, tiocfhaidh strainseár gó dtí an doras(leanann ar an chéad leathanach eile)