Scoil: Tráigh Éanna (uimhir rolla 16030)
- Suíomh:
- Bá Thráigh Éanach, Co. Donegal
- Múinteoir: P. Mac Giolla Bhríghde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tráigh Éanna
- XML Leathanach 97
- XML “Seán agus a Mháthair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seán agus a Mháthair
Bhí fear agus bean na gcomnuidhe imbaile aon uair amháin agus bhí siad iongantach bocht. Bliadhain amháin ní rabh siad abálta an chíos a dhíol agus dubhrad leo muna mbéad siad abaltá an chíos a dhíol an bhliadhain ina dhiaidh sin go gcuirfidh amach as an áit iad. Dubhairt máthair Sheán le Seán go gcaithfeadh sé imtheacht ar bhéal maidne agus oiread airgead a shaotrugadh agus dhíolfadh an chíos. D’imthigh Seán leis ar maidín agus fá dheireadh chuaidh sé ar fastá ag feirmeóir. D’fan sé ag an fhéirmeóir bliadhain agus lá amháin dubhairt sé leis go rabh sé ag gábháil na bhaile. Chuaidh an feirmeóir isteach ann seomhra agus tháinic amach áirist agus mála lán de phighineach agus de leith-pigineach leis. Chuir Seán an mála ar a dhruim, d’fág slán ag an fhéirmeóir agus d’imthigh leis.
Ní dheachaidh sé ibfad gur casadh fear air agus beatadach capaill leis. “An ndeánfaidh tú málairt” as a fear an beatadach. “Dheanfáidh arsa Seán no tá an mála seo iongantach trom”. Thug Seán leis an capaill annsin agus chuaidh a mharcuidheacht. Cha deachaidh sé ibfad gur thóg an capaill a chosa ináirda agus gur chait Seán isteach igcúl an claide. D’éirig Seán agus é loite go mór. Leán sé an capall giota fada agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Aodh Ó Canann
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann