Scoil: Tráigh Éanna (uimhir rolla 16030)

Suíomh:
Bá Thráigh Éanach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
P. Mac Giolla Bhríghde
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 96

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 96

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tráigh Éanna
  2. XML Leathanach 96
  3. XML “Seán agus Nóra”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Seán agus Nóra
    “Diarr mé ort an doras a dhruid” ar san fhear. Ní rabh níos mó do sin acht sin. Shiubal an bhéirt leóbta no go dtáinig go dtí chóill. Shuid an bhéirt síos le na sgithisthe a dheánamh. Fá cheann tamhaill mhothuigh siad tormán ag teacht comgarach dóbhtha. “Rachaid muid suas ins na crainn” arsa Nóra. “Ní rachaid arsa Seán ar eagla go dtuithfeadh muid anuas”. Tá míse ag gábhal suas ar sgor a bith arsa Nóra nó níor mháith na buich sin a chástail domh.
    Chuaidh Nóra suas ar chrann annsin agus chuir Seán suas an doras chúicí. Chuaidh Seán é fhéin suas annsin agus shuid an bhéirt imullach í dorais. Sa deiread tháinig an dreamh a rabh an tormán acú agus cé a bhí ann acht dhá ghadhuidhe. Thug Nóra cogair dó Sheán. Tá mise ag gábhail a chaitheamh anuas an doras ina mullach arsa Nóra. Nach deán sin arsa Seán. Ní rabh an dara focail as a bhéal nuair a chait Nóra an doras anuas agus thuit sé ar cheann na ngadhuidhthe. Rith na gaduidhthe comh gastá agus thainic leó agus leis an deifre a bhí ortha d’fág siad dhá mhála lán d’ór agus de airgead na ndhiaidh. Tháinig Seán agus Nóra anuas o’n chrainn thóg leóbhta na málaí agus tharraingt ar an bhaile agus bhí an péire saidhbhir o sin amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1541: For the Long Winter
    AT1653: The Robbers under the Tree
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Aodh Ó Canann
    Inscne
    Fireann