Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Múinteoir:
Niall ac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1056, Leathanach 104

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1056, Leathanach 104

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 104
  3. XML “Mac a' Bhaird”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    An lá thar na bhárach thainic Mac a' Bháird go teach an tighearna agus rinneadh réidh an féasta. I lár a fheasta bhí an tighearna ina shuidhe ag an teinidh agus é ag meabhrughadh fa mar cuirfeadh sé Mac a' Bháird 'un báis.
    Fa dheireadh, tionntuigh sé thart agus dubhairt leis na cócairí an raibh uibh ag Mac a' Bháird.
    D'fhreaghar Mac a' Bháird é, agus d'iarr air a mhéar a chur in a tóin agus go mbéadh a fhios aige sin.
    D'imthigh an droc-smaoiteadh as intinn an tighearna, agus dubhairt leis fhéin gur mór an truaighe a macasamhail de fear chliste a chur 'un báis.
    Nuair a bhí an féasta thart, bhí leitir sgríobhtha ag an tighearna. Thug sé an leitir do Mhac a' Bháird agus d'iarr air siubhal leis go gcasfaidhe a dhearbhrathar-san air, agus an leitir a thabhairt dó. D'iarr sé air fosta siubhal
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0921: The King and the Peasant's Son
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Dómhnall Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Airdmhín, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Antóin Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    52
    Seoladh
    An Airdmhín, Co. Donegal